top of page

MPT An Iarthuaiscirt

  • Instagram
  • Facebook
  • Twitter

mpt.iarthuaiscirt@gmail.com

Tel: 074 9560620

Oifig Pleanála teanga
An Chrannóg
Sraith na Corcra
Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92EYT3

© 2023 by Oileán I.T

Meitheal Pleanála 

Teanga an Iarthuaiscirt 

Scoil Phádraig, Dobhar.jpg

Scoil Phádraig, Dobhar

Sa phictiúr i gcuideachta Treasa Kirk (Leas-Príomhchigire, An Roinn Oideachais) agus Conall Ó Máirtín (Foghlaim TG4); tá Áine Ní Churráin, Pól Ó Fearraigh, Fiadh Ní Mhaolagáin agus Cormac Ó Risteáird 

Searmanais Aitheantais do na Scoileanna Gaeltachta 

"Seoladh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta in 2016 leis an sprioc uileghabhálach “a chinntiú go bhfuil eispéireas oideachais ardchaighdeáin agus ábhartha trí mheán na Gaeilge ar fáil do na daoine óga uile atá ina gcónaí i limistéir Ghaeltachta”. Chun tacú le cur i bhfeidhm na sprice seo, bunaíodh an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta (“an Scéim”), a thugann deis do scoileanna i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta aitheantas a lorg mar Scoileanna Gaeltachta. Ní mór do scoileanna sainchritéir theangabhunaithe a chomhlíonadh chun an t-aitheantas sin a ghnóthú."

D'éirigh leis an 8 bhunscoil sa LPT aitheantais a bhaint amach mar Scoil Ghaeltachta agus bronnadh an t-aitheantas orthu ag searmanas in Amharclann Ghaoth Dobhair níos luaithe i mbliana. Comhghairdeas leo uilig! 

Scoil Chonaill, Machaire Chlochair.jpg

Scoil Chonaill, An Bhun Bhig

Sa phictiúr i gcuideachta Treasa Kirk (Leas-Príomhchigire, An Roinn Oideachais) agus Conall Ó Máirtín (Foghlaim TG4); tá Pádraig Mac Grianna, Caitlín Ní Dhochartaigh, Nia Therese Matthew agus Dónall Ó Cailín 

Scoil Mhuire Na Doirí Beaga (Scéim Aitheantais).jpg

Scoil Mhuire, Na Doirí Beaga

Sa phictiúr i gcuideachta Treasa Kirk (Leas-Príomhchigire, An Roinn Oideachais) agus Conall Ó Máirtín (Foghlaim TG4); tá Karen Ní Churráin, Margaret Mary Nic Suibhne, Séan Seosamh Mac Íomhair, Mary Alice Nic Uaid agus Darragh Mac Suibhne 

Scoil Adhamhnáin an Luinnigh (Scéim Aitheantais).jpg

Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh

Sa phictiúr i gcuideachta Treasa Kirk (Leas-Príomhchigire, An Roinn Oideachais) agus Conall Ó Máirtín (Foghlaim TG4)
; tá Rionach Ní Scolaí, Donna Uí Fhearraigh, Joseph Mac Gaoitháin agus Eimear Ní Chnáimhsí  

Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh.jpg

Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh

Sa phictiúr i gcuideachta Treasa Kirk (Leas-Príomhchigire, An Roinn Oideachais) agus Conall Ó Máirtín (Foghlaim TG4); tá Fiona Nic Pháidín, Nóirín Uí Dhomhnaill, Annie Nic Íomhair agus Ella Nic Géidigh

Scoil Eoin Pól, Loch an Iúir (Scéim Aitheantais).jpg

Scoil Eoin Pól, Loch an Iúir 

Sa phictiúr i gcuideachta Treasa Kirk (Leas-Príomhchigire, An Roinn Oideachais) agus Conall Ó Máirtín (Foghlaim TG4); tá Mairéad Nic Suibhne, Máire Áine Ní Bhaoill, Mary Ní Ghallachóir agus Darragh Ó Baoill

Scoil Naomh Dúigh, Anagaire.jpg

Scoil Naomh Dúigh, Anagaire

Sa phictiúr i gcuideachta Treasa Kirk (Leas-Príomhchigire, An Roinn Oideachais) agus Conall Ó Máirtín (Foghlaim TG4); tá Geraldine Mhic Giolla Bhríde, Síle Uí Bhiataigh, Meabh Nic Daibhéid agus Joey Mac Aodha

Scoil Oilibhéir Pluincéid Naofa, Rann na Feirste.jpg

Scoil Oilibhéir Pluincéid, Rann na Feirste

Sa phictiúr i gcuideachta Treasa Kirk (Leas-Príomhchigire, An Roinn Oideachais) agus Conall Ó Máirtín (Foghlaim TG4); tá Pól Ó Ruiséil, Maria Bn. Uí Chaomhánaigh, Caolán Ó Domhnaill agus Matilda Nic Ruairí 

Scoil Adhamhnáin an Luinnigh (Fighting Words).jpg

Scoil Adhamhnáin, an Luinnigh 

Scoil Bhríde Mhín an Chladaigh (Fighting Words).jpg

Scoil Bhríde, Mhín an Chladaigh

Trioblóid leis an Ór 

Is eagraíocht iad 'Fighting Words na Gaeilge' a chuireann ceardlanna scríobhneoireachta ar fáil saor in aisce do dhaltaí bunscoile, daltaí meánscoile agus do ghrúpaí pobail eile. 

Tháinig Máire Treasa Wyndham suas chugainn i nGaoth Dobhair anuraidh le roinnt ceardlanna a dhéanamh le bunscoileanna an cheantair. D'oibrigh na scoileanna uilig le chéile le leabhar a scríobh dar teideal 'Trioblóid leis an Ór'. 

Chuir Scoil Phádraig, Dobhar tús leis an scéal. Lean Scoil Chonaill, an Bun Beag ar aghaidh ansin leis an dara caibidil. Scoil Mhuire, na Doirí Beaga a bhí i mbun an tríú caibidil. Chuir Scoil Bhríde, Mhín an Chladaigh an ceathrú le chéile agus chuir Scoil Adhamhnáin, an Luinnigh deireadh leis an scéal. 

Míle buíochas ag dul do Bríd Treasa Wyndham ó Fighting Words na Gaeilge a chuir obair mhór isteach ag déanamh na ceardlanna uilig leis na páistí chomh maith le Denis, Anne agus Joe ón leabharlann a lig dúinn a gcuid áiseanna a úsáid le cois cuidiú mór a thabhairt dúinn le dearadh an leabhair.

 

Buíochas mór tuillte ag Máirín Uí Fhearraigh ar son an clóscríobh agus do Fran Ó Baoill ar son an ealaín ar dóigh. Ní amháin sin, ach tá buíochas mór tuillte ag na múinteoirí agus na príomhoidí uilig a ndéanann obair ar dóigh leis na páistí le linn na bliana agus a fhorbraíonn samhlaíocht na páistí sa dóigh is go dtig leo scéalta mar seo a scríobh.

Tá buíochas mór tuillte fosta ag John Shéamuis agus Michael ó Comhairle Contae Dhún na nGall a bhí i láthair ag an seoladh chomh maith le Carmel agus Dolores ón ETB. Buíochas speisialta don scéalaí clúiteach as Rann na Feirste Brídanna Ní Bhaoill a roinn a cuid ama go fláithiúil leis an scéal a sheoladh go hoifigiúil.

Tá sé galánta an deis a thabhairt do na páistí óga seo a gcuid samhlaíocht a úsáid. Tá éacht dochreidte bainte amach ag na páistí mar gheall gur scríobhneoirí iad uilig anois agus tá súil againn nach beidh seo an leabhar deireanach a scríobhfaidh siad!

Scoil Phádraig Dobhair (Fighting Words).jpg

Scoil Phádraig, Dobhar

Scoil Mhuire Na Doirí Beaga (Fighting Words).jpg

Scoil Mhuire, na Doirí Beaga

Fighting Words na Gaeilge

Trioblóid leis an Ór.jpg
Scoil Chonaill, an Bun Beag (Fighting Words).jpg

Scoil Chonaill, an Bun Beag 

Leabharlann Ghaoth Dobhair, Comhairlí Contae, MPTIT, Fighting Words & Brídanna Ní Bhaoill

John (MPTIT), Brídanna, Denis (Leabharlann), Mícheal (Comhairleoir Contae), John Shéamuis (Comhairleoir Contae), Joe (Leabharlann), Dónall (MPTIT) & Bríd Treasa (Fighting Words)  

Scéim Folláine & Oiliúna

Deiseanna aclaíochta agus teanga do pháistí an Iarthuaiscirt i nGaeltacht Dhún na nGall úsáid na Gaeilge a chothú laistigh agus lasmuigh den seomra ranga!

Chinn Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt i nGaeltacht Dhún na nGall maoiniú a chur ar fáil le Scéim Folláine & Oiliúna a sholáthar i gcomhar le CLG Ghaoth Dobhair agus CLG Naomh Mhuire do bhunscoileanna an LPT. Tugann cóitseálaí oilte (Seán Nancy Ó Gallchóir) as an dá chumann cuairt ar na scoileanna ar fad sa cheantair gach aon lá le linn na scoil bliana. Reáchtálann sé ceachtanna aclaíochta (seachas an pheil amháin) trí Ghaeilge do na páistí agus déanann siad plé ar aiste bia shláintiúil chomh maith. Tá ag éirí go han-mhaith leis an scéim seo. Tá na páistí ag baint sult as agus tá na scoileanna an-bhuíoch as an tacaíocht bhreise.

Scéim Folláine & Oiliúna Ghaoth Dobhair.jpg
Scéim Folláine & Oiliúna Ghaoth Dobhair (03).jpg
Oideachas

Tá réimse an oideachais lárnach inár bplean teanga. Aithníonn muid go gcaithfear glúnta nua de chainteoirí gníomhach Gaeilge a fhorbairt tríd an chóras oideachais. Tá ocht mbunscoil agus iar-bhunscoil amháin sa LPT. Tá gach aon scoil ag feidhmiú an Pholasaí don Oideachais Ghaeltachta agus an t-aitheantas sin bainte amach acu. Tá 6 naíonra sa limistéar ag Comhar Naíonra na Gaeltachta agus tá ionad ag Acadamh na hOllscolaíochta ar an Pháirc Gnó chomh maith ag soláthar roinnt cúrsaí don 3ú leibhéal.

Acmhainní

Seo a leanas roinnt do na tacaíochta a chuireann muid ar fáil do na scoileanna: 


- Leabhair léitheoireachta do na cúntóirí teanga
- Ceardlanna ceoil
- Ceardlanna scéalaíochta

- Ceardlanna scríbhneoireacht cruthaitheach
- Ceardlanna curaíochta
- Gaeilgeoirí na Seachtaine
- Cuairteanna e.g Leabharlann Ghaoth Dobhair srl. 
- Comórtas Peile idir Scoileanna

– Taifead ar leabhair léitheoireachta

- Scéim Folláine & Oiliúna

 

COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta 

bottom of page