top of page

MPT An Iarthuaiscirt

Ár bPlean Teanga 

Nasc thíos donár bPlean Teanga a ceadaíodh sa bhliain 2017. Tosaíodh á fheidhmiú ansin sa bhliain 2018.  

Plean-Teanga-do-LPT-Ghaoth-Dobhair-Anagaire-Rann-na-Feirste-agus-Loch-an-Iúir.pdf

Comhairleoirí Pleanála Teanga.jpg

B'iad seo an bheirt chomhairleoir pleanála teanga a d'fhostaigh an Chomharchumann faoi stiúir na meithle chun an plean teanga a chur i gceann a chéile - Hannah Ní Dhoimhín agus an Dr. Dónall Ó Baoill.

Coiste Pleanála Teanga.jpg

B'iad seo na daoine a bhí i láthair ag ceann do na luath cruinnithe Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt. Ionadaithe ón choiste agus an chomhairleoir pleanála teanga Hannah Ní Dhoimhín.

Bhí siad ag cruinniú le ‘Plean Teanga’ do limistéar an Iarthuaiscirt a chur i gceann a chéile. Bhí orthu staid reatha na Gaeilge sa limistéar a mheas ar dtús sula rinneadh an plean féin a scríobh. Chuige sin bhí ceistneoirí ullmhaithe le haghaidh na hoibre seo agus rinneadh iad á ndáileadh i réimse an oideachais, tríd na naíonraí, bunscoileanna agus na hiarbhunscoileanna.

Ó chlé: Máire Uí Chomhaill, Colm Ó Baoill, Séamus Mac Ruairí (Ar dheis lámh Dé go raibh a anam), Máire Uí Choilm, Síle Uí Ghallchóir, Máirín Uí Fhearraigh, Hannah Ní Dhoimhín, Dónall Ó Cnáimhsí, Treasa Ní Ghallchóir agus Aodh Mac Ruairí.

Cruinnithe Poiblí (Plean Teanga).jpg

Cruinnithe Poiblí 

Reachtáil muid sraith cruinnithe pobail in ionaid difriúla sa cheantar le deis a thabhairt don phobal torthaí an taighde a rinneadh agus an choiste ag cur an phlean i gceann ar a chéile. Tugadh deis don phobal moltaí deiridh a thabhairt ar an phlean sular rinneadh é a sheoladh. Bhí na cruinnithe poiblí ar siúl sna ionaid seo a leanas: 

Teach Jack, an Ghlaisigh - 9ú Samhain 2016 @ 8pm

Acadamh na hOllscaíochta Gaeilge - 16ú Samhain 2016 @ 8pm

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair 

Ionad Naomh Pádraig, Dobhar - 24ú Samhain 2016 @ 8pm

Áislann Rann na Feirste - 30ú Samhain 2016 @ 8pm 

Seoladh Oifigiúil ár bPlean Teanga sa bhliain 2019

Rinneadh seoladh oifigiúil ar ár bplean teanga sa bhliain 2019. Bhí scaifte mhaith i láthair ar an oíche le neart aoi chainteoirí san áireamh. I measc na haoi chainteoirí a labhair ar an oíche, bhí an Seanadóir Séan Kyne chomh maith le Iar Phríomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Míchéal Ó hÉanaigh. Bhí ócáid ar dóigh ann le ceol galánta ón Chrann Óg fosta. 

Seoladh oifigiúil ár bplean teanga.jpg
Clíona, Dónall & Oisín.jpg
Sean Kyne TD.jpg

Sean Kyne (Seanadóir) a thug oráid ar an oíche 

Mícheal Ó hÉanaigh (Údarás na Gaeltachta).jpg

Míchéal Ó hÉanaigh (Iar Phríomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta) a rinne óráid dóibh siúd a bhí i láthair ar an oíche 

Eilín Ní Bhaoill.jpg

Eilín Ní Bhaoill (Oifigeach Forbartha le Tuismitheoirí na Gaeltachta) a labhair os comhair an slua mór 

Aine Ní Bhreisleáin.jpg

Áine Ní Bhreisleáin (Iar chraoltóir le RTÉ RnaG) a thug caint ar an oíche

An Crann Óg.jpg

An Chrann Óg a sheinn cúpla port ar an oíche 

Clíona Ní Ghallachóir (Seoladh an Phlean Teanga).jpg

Clíona Ní Ghallachóir a labhair ar an oíche

Daltaí óga Scoil Chonaill, Rann na Feirste.jpg

Daltaí óga ó Scoil Oilibhéir Pluincéid, Rann na Feirste a labhair go maith ar son a dteanga san Amharclann ar an oíche 

Labhair í agus mairfidh sí.jpg

Fáilte

Is é seo suíomh Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt (MPTIT).


Bunaíodh MPTIT in 2014 chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do cheantair Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir.

 

Tá ionadaithe as na heagraíochtaí áitiúil seo a leanas páirteach sa mheitheal: Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Coiste Ionad Naomh Pádraig Dobhar, Coiste Forbartha Chnoc Fola, Comharchumann na nOileán Bheag, Coiste Phobail Dhún Lúiche, Coiste Áislann Rann na Feirste, Coiste Phobail Anagaire, Coiste Chultúrtha Loch an Iúir agus Muintearas Thír Chonaill.

 

Is é an príomh aidhm atá againn ná an Ghaeilge a bhuanú agus a neartú sa cheantar chun go mairfidh sí mar phríomh theanga an phobail.

Meitheal Pleanála 

Teanga an Iarthuaiscirt 

  • Instagram
  • Facebook
  • Twitter

mpt.iarthuaiscirt@gmail.com

Tel: 074 9560620

Oifig Pleanála teanga
An Chrannóg
Sraith na Corcra
Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92EYT3

© 2023 by Oileán I.T

bottom of page