top of page
  • Instagram
  • Facebook
  • Twitter

mpt.iarthuaiscirt@gmail.com

Tel: 074 9560620

Oifig Pleanála teanga
An Chrannóg
Sraith na Corcra
Doirí Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92EYT3

© 2023 by Oileán I.T

Meitheal Pleanála

Teanga an Iarthuaiscirt

Gnó

Tá MPTIT ag tacú agus ag spreagadh lucht gnó an cheantair chun níos mó úsáid a bhaint as an Ghaeilge. Tugann muid comhairle agus tacaíocht ar chomharthaíocht, ar aistriúchán ó thaobh biachláranna, suíomhanna idirlíne srl. agus ar mhodhanna chun an teanga a neartú ina ngnó. Bíonn dúil againn iad a threorú chomh fada le scéimeanna a thugann tacaíocht agus aitheantas dóibh cosúil leis an Scéim Tacaíochta Ghnó agus scéim aitheantais Ghradaim Ghnó na hÉireann. 

Lón an Luain 

Feachtas samhraidh atá ann seo ina gcuireann muid suas pictiúr do bhéile éigin ó biachlár na bialanna áitiúla uilig thart ar an cheantar, déanann muid cur síos beag ar an bhéile agus cuireann muid suas é mar Lón an Luain ar na meáin shóisialta achan tseachtain ar feadh 10 seachtaine. Mar pháirt de seo chomh maith, tugann muid deis donár gcuid leantóirí ar Facebook, Twitter agus Instagram dearbhán €25 a bhaint do bialann nó caifé difriúil achan tseachtain trí dúil, roinnt agus trácht a dhéanamh ar an phostáil. Piocann muid amach buaiteoir go randamach ó na daoine a thugann dúil nó roinnt don phostáil agus déanann muid é a fhógairt ag deireadh na seachtaine.

Lón an Luain (Susie McBride).jpg

Gradam Gnó

Is scéim de chuid Glór na nGael é Gradam Gnó na hÉireann a cuireadh ar bun sa bhliain 2022 le aitheantas a thabhairt do ghnóanna a bhíonn ag úsáid na Gaeilge mar pháirt dona ghnó agus spreagadh a thabhairt do na ghnónna leis an teanga a úsáid. Déantar measúnú ar na gnólachtaí i dtaca le úsáid na Gaeilge sna réimsí seo a leanas: comharthaíocht, margaíocht agus seirbhís do chustaiméirí. Ansin bronntar bonn ór, airgead nó cré-umha orthu ag brath ar na critéir atá líonta amach acu. Chláraigh 24 gnólacht as an Limistéar Pleanála Teanga seo don scéim in 2022 chomh maith le 8 eile sa bhliain 2023 agus d’éirigh leo uilig gradam a bhaint amach.  Bhí 17 gnólacht eile cláraithe leis an scéim arís anuraidh agus d'éirigh leo siúd uilig gradaim a bhaint amach fosta. 

Q-Mharc Gnó 

"Tá an Mharc Deimhniúcháin seo ceaptha chun aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí gnó a dhéanann luacháil ar úsáid na Gaeilge mar uirlis chomhlántach ghnó agus mhargaíochta agus a fhorbraíonn agus a chaipitlíonn an úsáid sin." Is é seo scéim do chuid Foras na Gaeilge. 

Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair (Q-Mharc Gnó).jpg
LIGID Teoranta (Q-Mharc Gnó).jpg
Teach Campbell (Q-Mharc Gnó).jpg

Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair

LIGID Teoranta

Teach Campbell

Amharclann Ghaoth Dobhair (Q-Mharc Gnó).jpg

Amharclann Ghaoth Dobhair

MPT An Iarthuaiscirt

Gaeilge & Fáilte

Scéim a bhí ann seo le cur in iúl do chustaiméirí go bhfuil seirbhís Gaeilge ar fáil in gnóanna & eagraíochtaí an limistéir. Tá breis is 150 comhartha curtha in airde ag gnólachtaí & eagraíochtaí fud fad an cheantair. Reachtáil muid feachtas ar na meáin shóisialta i gcomhar leis seo.

Gaeilgeoirí na Míosa

Feachtas samhraidh a bhí ann seo ina dtug muid aitheantas agus dearbháin do na hoibrithe a chur an t-iarracht is fearr isteach i ngach gnó ó thaobh na Gaeilge de. 

Clodagh Ní Ghallachóir (Gaeilgeoir na Míosa)
Elaine Uí Dhomhnaill (Gaeilgeoir na Míosa).jpg
Máirtín Ó Frighil & Róisín Nic Aodha.jpg

Clodagh Ní Ghallachóir
(Maple) 

Elaine Uí Dhomhnaill
(Ceimiceoir Anagaire) 

Máirtín Ó Frighil & Róisín Nic Aodha (Siopa Mhicí) 

Nóirín Ní Dhomhnaill (Gaeilgeoir na Míosa).jpg

Nóirín Ní Dhomhnaill
(Siopa Mholloy) 

bottom of page